Scoil: Gurrane (B.) (uimhir rolla 14839)

Suíomh:
Clondrohid, Co. Cork
Múinteoir:
Seán Ó Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0326, Leathanach 145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gurrane (B.)
  2. XML Leathanach 145
  3. XML “Cows and Their Byre”
  4. XML “Lá Bealtaine”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    of "Put back the stones". This happened for several nights until he put back the stones. Some say it is lucky to let the calf suck its mother. When a calf is dying at the time its mother is being milked some people make a certain knot on a piece of cord and they say this keeps the calf alive.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Tá alán piseóga mar gheall ar lá Bealthaine leis agus seo ceann acu:-
    Bhí máthair mo shean-mháthar-sa na cómhnuidhe i gCarraig an Ime agus bhí alán ba aice agus bhí ím bhreágh aici súas go dtí lá Bealthaine. Ach i ndíaidh an lae sin do theip uirthe glan aon ím do dhéanamh. Bhí bean fheasa na cómhmuidhe i Baillinín agus chuaidh sí chúichi. Dubhairt an bhean fheasa leí na meadracha do nídheadh leis an lus mor sé sin plannda a bhíonn ag fás ar na cladhthacha. Sin é an cuma a thug sí an t-ím tar n-ais airís agus dúbhairt an bhean fheasa gur drifiúr a fir a bhí ag tógaint an ime.
    Bhí athair mo shean athar-sa 'na chómhnuidhe i nGleanntán agus bhí an t-ím ag imtheacht uaidh leis. Chonnaic sé beirt ban des na cómharsain ag crúdh na ba agus chuir sé an ruaig ortha ach bhí an t-ím ag dul uaidh. Chuaidh sé go dtí an sagart agus thánaig sé agus dubhairt sé an t-Aifreann insan tigh. Níor fhéadh sé an t-ím d'fhághail tar n-ais, agus b'éigean do'n fear dul as an áit ar fad.
    Seo sgeal mar gheall a bean eile go raibh dioblaideach ar siubhal aici:-
    Bhí fear ins an mbaile agus bhí alán ba aige ach gach tráthnóna nuair a thiomáin sé isteach iad ní raibh aon bainne aca. Chuaidh an fear
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. May (~639)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Clúmáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Caherkeegane, Co. Cork