School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 148

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 148

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 148
  3. XML “Galán agus Lios”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá galán mor árd suidhte in aice mo thíghe-se. Bhí fathaigh ag dul mor tímcheall fado agus isiad a chuir na galain seo ann. Tá dhá lic mhora ann leis agus is iad na fathaigh do chuir ann iad san chómh maith. Tá an dá lic i bhfuirm búird agus is ar na bórdaibh san a dh'ithidís a gcuid bídh. Aon uair amháin bhí cath idir na saighdiúirí agus iad féir agus i lár an chatha do ruith duine aca agus do lean na saighdiuirí é agus do marbhuigheadh é in aice an ghaláin agus do cuireadh san áit sin é le h-ais an bhóthair bhig a ritheann tríd an áit. Tá lios ann leis ar an dtaobh thíar d'ár dtigh-ne agus tá lios eile tímcheall ceathrú míe síos ón gceann san agus tá pasáiste ag dul fé an dtalamh ó cheann go ceann aca. Is ann a bhíodh na fathaigh ag dul i bhfolach o's na saighdiúirí fadó, agus d'fhágadar alán dá gcuid rudaí ann ina ndiaidh. Níl aon chead ag daoine baint leis na rudaí seo agus ní maith le daoine aon bhaint a bheith aca leo ar ao' chuma. Áiteanna mora fairsinge iseadh na liosanna thíos fé'n dtalamh agus bíonn alán seómraí fé's na cínn mhóra. Bíonn an oiread san faid agus an oiread san leithead ins gach seómra.
    Níl lios le fághail in aon ná fuil radharc aige ar lios eile nú radharc ag lios eile air.
    Deirtear nách rathmhar an rud aon teangbháil a bheith ag daoine le clocha leassa nú aon rud eile a bhaineann leis an lios agus go ndeineann na "daoine maithe" é agairt i gcómhnuidhe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Diarmuid Ó Corcora
    Gender
    Male
    Address
    Ardnacrushy, Co. Cork