School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí Eoghan Ruadh ag gabháil a' bóthar lá. Cuaidh sé isteach i dtigh agus bhí cailín istig agus í ag obair. Bhí sé cortha agus bhí ocras air. Bhí císte ar an dteine agus an gcailín. Tá an císte a dóghadh arsa Eóghan leis an gcailín.
"Dó agus a dó sin a ceathair" arsa'n cailín. "Bhfuil t-athair mhor tímcheall an tíghe" arsa Eóghan. "Níl" arsa'n cailín "ach tá an tigh tímcheall air, tá sé sa leabaidh." Bhí a fhios ag Eóghan anois gur b'í an inghean féin a bhí ann.
Nuair d'airigh fear a'tíghe an chaint thíos sa chistin d'éirigh sé agus tháinig sé anuas an staighre.
"Cad is ainm duit-se"? arsa Eóghan.
"Tá m'ainm fúgham is mo shloinne ós mo chionn" arsa'n fear.
"Go mbeannuighthear duit a Mhic Cathaoir Mhic Cába" arsa Eóghan.
Dairígheas leis an leagan seo:-
"Tá m'ainm chúgham agus mo shloinne os mo chionn"
Is maith liom an t-ainm a Mhic Chathaoir Mhic Chába- Informant
- Seán Ó Loingsigh
- Gender
- Male
- Address
- Clondrohid, Co. Cork