School: Gurrane (B.) (roll number 14839)
- Location:
- Clondrohid, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Gurrane (B.)
- XML Page 149
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear i na cómhnuidhe i Lios a' Chraosaigh fadó ag d'íosfadh sé gach rud d'fhéadfadh sé d'fhághail agus bheadh ocras air i ndiaidh san. Is amhlaidh a bhí sé fé riar ag diobal a bhí ann. Fuair sagart dhios a sgéile agus dhein sé suas a aigne an fear bocht do leigheas. Do shocruig sé ar seift símplidhe chuna n diabhal do mhealladh as an bhfear i dtreó na beadh sé ag tabhairt a thuille trioblóide do.
Rug sé an fear leis go dtí a thigh agus chuir sé gach sodhluiste a bhí le fághail ar an mbord roimis. Annsa fuair sé fórca agus chuir sé piosa bídh ana dheas air agus chuir sé isteach i mbéal an duine é. Bhí sainnt mor ag an diabal chun a bhídh agus do léim sé suas chun an scórnaig agus nuair tharraing an sagart an forc go h-obann annsan do lean an diabhal é trí bhéal fir agus nuair bhí sé ins an aer annsan nior fheadh sé casadh abhaile airis. - Bhí fear darab ainm Seáinín Fada i n-a chóhnuidhe ar an dtaobh thiar thuaidh de Sráidbhaile Carraig an Ime tráth éigin. Bhí tigín beag cínn tuighe aige agus ní raibh in a chómhnuidhe ann ach é féin agus a mhac. Fear óg aerach do b'eadh an mac agus níor thaithn leis bheith sa bhaile ag tabhairt aire des na gabhair go léir a bhí ag a athair ar an sliabh. Fuair sé an oiread agus a thóg go Sasana é agus dhein sé a shlighe ann ar chuma éigin. Ba gheárr gur bhuail sé féin agus inghean d'fhear ana shaidhbhir uime chéile, agus thuit an cailín i ngrádh leis. Bhí cion ana mhór ag an gcailín so ar mhac Sheáinín agus théigheadh an bheirt aca ag siúbhal le cois a'chéile go minic. Nuair a bhí athair an chailín ag tabhairt féasta tamall 'na dhiaidh sin dubhairt an cailín le mac Seáinín teacht go dtían fhleadh. Thug culaith nua dho leis agus rudaínach é(continues on next page)