School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 158

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 158

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 158
  3. XML “Ainmhithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá alán piseóga mar gheall ar an gcapall. Ní cear an capall a dhíol an fhaid a bhíonn an té gur leis é beó. Má fhágann an t-athair capall ag an mac nuair a phósann sé ní ceart do'n mac an capall san do dhíol an fhaid a mhaireann an t-athair. Deirtear go mbeireann an capall an té gur leis é i dturas mor an oidhche a cailltear é. Is minic a chuaidh an mac amach sa stábla ar maidin tar éis na h-oidhche a bheadh a athair á thórramh agus bheadh an capall lán d'allus agus buailthe amach mar bheadh cúrsa mor éigin tabhartha isteach aige. Níl aon amhras de réir na seandaoine ná go bhfeiceann an capall alán rudaí nách féidir le daoine d'fheiscint. Tá ciall ciúin ag an gcapall agus is féidir leis sídheóga agus sprideanna d'fheiscint. Seo sgeal mar gheall ar an gcapall:-
    Bhí athair mo sheana athair-sa na chómhnuidhe i nGleanntán le h-ais Charraig an Ime agus aon oidhche amháin bhí sé ag teacht ó Chorcaigh le capall agus cairt. Nuair a tháinig sé go dtí áit uaigneach ar an mbóthar do sheasaimh dhá chluais an chapaill agus annsan thug an fear fé ndearra liathróid teine ag teacht as an gclaidhe agus ag dul isteach sa phortach. Chomáin an fear leis abhaile agus chuir sé an capall isteach sa stábla tar éis sgur do mar a dheineadh i gcómhnuidhe. Chuaidh sé féin a' chodladh agus is dócha gur chodail sé go sámh mar tuirse air tar éis an bhóthair. Nuair éirigh sé ar maidin bhí an capall dóighte suas na luaithrigh.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish