School: Gurrane (B.) (roll number 14839)

Location:
Clondrohid, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Loingsigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0326, Page 127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Gurrane (B.)
  2. XML Page 127
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá alán scealta mar gheall ar paróiste Cluaindhroichid agus seo ceann acu:-
    Bhí cloch cínn uagha breágh i roilg Cluaindroicid, agus bhí fear in Atarla a bhí abalta ar clocha do ghearradh. Do ghoid fear eile é amach as an roilg agus do cuir sé fíos ar an bhfear ó Atharla. Tháinig an fear eile le capall agus truchaill, agus thóg sé leis an cloch abhaile. Kyle a b'ainm d'en ministir a bhí ann an uair sin, agus fuair sé amach cár tógadh an cloch.
    Do chuir sé fios ar mo shean-athair-se, agus thug sé capall, agus peann-lúaidh agus leabhar do. Dubhairt sé leis imtheacht go hAtharla, agus gach rud do thógaint anuas sa leabhar a bhí fágtha ar an gcloich. D'imthigh sé ann, ach do bhí níos mó de'n na scriobhainn imthighthe tar éis an fear eile.
    Do thóg se anuas gach rud a bhí fágtha tar éis na h-iarrachtaí a deineadh chun é do chur as.
    Tar éis tamaill do thóg sé tar n-ais go dtí Roilg Cluaindroichid é. Nuair a bhí sé ag dul abhaile do rith an capall agus do caitheadh amach as an dtrucaill é agus do marbhuigheadh é. Tímcheall 30 bliain ó shoin dhein beirt fhear iarracht ar an gcloch do léigheadh. Chuireadar cloch mhór ar an dtaobh amuich dhe agus leigeadar an leach anuas air ach d'imthigh sé na trí phíosai. Tá an cloch le feiscint ann fós.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    Language
    Irish
    Collector
    Micheál Ó Céilleachair
    Gender
    Male
    Address
    Garranenagappul, Co. Cork
    Informant
    Domhnall Ó Céilleachair
    Relation
    Parent
    Gender
    Male