Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 243
- XML “Giorria Eile”
- XML “Giorria Eile”
- XML “Giorria Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fuinneóga go léir dúnta. Do leanadar isteach é mar do lean an maidrín é rómpa. Do chonnaic an Cróthur an giorrfiadh ag dul isteach ach nuair do chuarduigheadar an tigh ní bhfeadfaidís é d'fheiscint in aon áit agus ní raibh aoinne istig mar bhíodar ag gladhach ortha. Rud eile ní raghfadh Crothúr ag foláireach annsan riáin o shion agus tá Crothúr na bheatha fós tíos i gCaolcoill.
- I nDroin-a-Cláraig in aice A'droichid na Síoraighe trí míle o'n gCaolcoill do cómhnuig athair Donail Uí Chróinín tamall o shion. Do bhí dhá ghadhair an-mhaith aige agus bhí sé amuigh ag fiadach lá. Ar an dtornainn idir é féin agus muinntir Callacháin do chuir sé amach giorrfiadh bréagh mhór. Ach mo chreach ní leanfadh na gadhar é ach tosnuigheadar ag gol agus ag [sceamhghail?]. Do rith an giorrfiadh agus chuaidh sé isteach I dtig "Mullins" atá i nDruim i gCapall agus d'fan sé istig ag séide ar an urlár ar feadh timcheall cuig noimeat, agus annsan d'imtig sé amach airís.
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.