Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 274

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 274

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 274
  3. XML “Ór i gCuilneach”
  4. XML “Ór i gCumar”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ór i gCuilneach
    Bhí fear ar a choiméad fadó in aimsear Cróthúr Uí Chróinín timcheall 42+80 blíain o shion 122 ar fad. Bhí stóca óir aige mar gaduidhe do b'eadh é. Bhí sé i bhpoll a bhí sa falla os chionn na teine.
    Lá amháin nuair a bhí na saighdiúirí ag teacht fé dhein an tighe do rug sé ar a stóca agus thóg sé amach é agus dúbhairt sé leo nuair a chífidís é agus a h-ata air bheadh sé i bfolach aige. Tháinig eagla ortha nuair a chonnaiceadar na saighdiúirí ag teacht cúcha agus nuair a cheapadar mar gheall ar an bhfear bhí sé annsan sa pháirc mhóir thaobh theas den tigh in a bhfuil Dónal O Laoghaire ag é na sheasamh agus a h-ataí ar a cheann. Níor d'innis sé aon rud ach bhí sé curtha aige annsan. Dubhairt sé go raibh sé curtha i bhfolach aige san áit atá dhá charraig i gcoinnibh a chéile. Pé in Éirinn é nuair a chuarduigheadar an áit ná fuaradar é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán O Macháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
    Inscne
    Fireann
    Aois
    10
  2. Bhí fear in a chómhnuidhe san áit in a bhfuil Dónal Ó Ruairc fadó. Do dhein taidbhreadh dó go bhfuigheadh sé óir (crócha óir) fé sgeich gil i bpáirc éigin a bhí ann. D'imthig sé ann agus ma dhein do theip sé air chun é d'aimsuighad. Chuaidh sé ann an chéad oidhche eile ar an noimeat cheadhna é féin agus bheirt eile. Ní fuaireadar é acht tháinig breoite air an nduine mbocht. D'fhán sé sa leabaidh ar feadh sé míosa. Deirtear nach raibh an ceart aige nuair a thóg sé an bheirt eile i n-aonfheacht leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.