School: Scoil N. Mocomóg

Location:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 243
  3. XML “Giorria Eile”
  4. XML “Giorria Eile”
  5. XML “Giorria Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. I nDroin-a-Cláraig in aice A'droichid na Síoraighe trí míle o'n gCaolcoill do cómhnuig athair Donail Uí Chróinín tamall o shion. Do bhí dhá ghadhair an-mhaith aige agus bhí sé amuigh ag fiadach lá. Ar an dtornainn idir é féin agus muinntir Callacháin do chuir sé amach giorrfiadh bréagh mhór. Ach mo chreach ní leanfadh na gadhar é ach tosnuigheadar ag gol agus ag [sceamhghail?]. Do rith an giorrfiadh agus chuaidh sé isteach I dtig "Mullins" atá i nDruim i gCapall agus d'fan sé istig ag séide ar an urlár ar feadh timcheall cuig noimeat, agus annsan d'imtig sé amach airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí fear na chómhnuidhe i [Lisín?] fadó agus bhí ló-líac is fiche 'á crúd aige. Gach aon maidean Samhraid do chídeadh sé giorrfiadh ag crú na mbó agus annsan ní bhíod braon bainne aca. Maidean amháin do fuair sé dha choin agus do tiomáin sé indiadh an ghiorrfiad íad. D'imtig sí uathu acht do bhain cú píosa beag ar plaic an ghiorrfiadh agus bhí sruthán fola leis. Do lean an fear rían na fola go dtáinig sé go tig éigin a bhí in aice leis. Bhí sean-bhean istigh agus í na suidhe ar corcán mór a bhí i n-aice na teine. Do chuarduig sé an tig ach ní raibh giorrfiadh ann. "Seacháim ar seisean" do'n mnaoí, b'fheidir go bhfuil sé istig sa chorcán. "Ní deanfad' ar seise. Annsan do rug sé uirthi as an gcorcán acht cad do bhí istig ann acht locán mór fhola. D'fag sé an tig láithreach agus d'innis sé an sceal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.