School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 315

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 315

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 315
  3. XML “Seantóir”
  4. XML “Aifrinn Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ní le rádh go gcuirfidís airgead do chuir síos sar a (thóga dar) thógfaidís an fódh leo.
    Deirtear leis gur chuireadh na franncaigh as Cillmocmógh go Garrdha Mhurchadha le draoidheacht mar seo.
    "Síar long go garrdaí Mhurchadha
    Mar a bhfuil an cnuimh ithireach
    An teancil o rúidh". (teounkilo:ru:ig)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. In aimsear na dlighthe píanamhla d'airigheas féin ó na sean-daoine go raibh aifrinn á léigheamh ag na sagairt annso is annsúd ar fuaid na paróiste. I n-aice na scoile in a bhfuilim ag múineadh i gCeapach Buidhe tá Clais mhór fhada ar a dtugtar Clais an Aifrinn, agus áit an dheas is eadh í. Nuair a bhí na saighduírí ag rith i ndiaidh na sagart ní raibh sé ceaduighthe aca aifreann á rádh ins na seipéilibh. Annsan chuadar [léigheamh?] agus í ag chur seacha go minic.
    Tamall fada na dhiaidh san nuair a bhí na saighduírí imthighthe bhí clog an aifrinn le cloisint ag na daoine mór-thomcheall na h-áite seo, gach Domhnach ar a dho-dheug a chlog. Dónal Phaidir a tugtar air agus ní-ró fhada o shion a fuair sé bás. Bhí sé in a chómhnhuidhe i dtig Dhónail líath agus dúbhairt sé an rud san cúpla blíain sar a bhfuar sé bás. Tá streapanna dul suas go dtí cloch na hAltórach agus tá pluais
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish