School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- Cappaboy More, Co. Cork
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 316
- XML “Aifrinn Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ann leis agus clais taobh leis in a raibh an sagart 'na codhladh agus é ag feitheamh le h-eirighe na gréine nuair a thiochfadh na daoine ann. Bhí trúir nú ceathrar ag faire le h-eagla go dtiochfadh na daoine ann. Bhí trúir nú ceathrar ag faire le h-eagla go dtiochfadh na saighdiúirí dearg ortha. An fhaid is a bheadh na buachaillí ag faire beadh ag sagart ag léigheamh an aifrinn.I gCúm Líath tá gleann mór fada doimhin ann ar a dtugtar Cúin an tSagairt agus bhíos ag cainnt mé féin agus an t-Athair Breathnach le mnaoí do siolruig o Shígle Ní Cúinn agus timcheall 120 blíain o shion. Dúbhairt sí gur airig sí bíadh agus deoch don sagart a bhí ann agus gur chuir sí paistí na bhriste agus ní ro-mhaith a bhíodar aca an uair sin. Do teasbáin sí an cabhlach dúinn leis 'na raibh an sagart 'na chodhladh an uair sin. Ach nuair a bheadh duine mór-thimcheall a'gleanna breóite ní raibh le deanamh aca acht punann do chuir tré theine agus é d'ardúghadh ar bárr pice. Nuair a chífeadh an sagart é ag lasadh ragadh sé láithreach go dtí a thig chun glaodhach ola do cóinlíonadh. Ar an dtaob eile de'n abhainn tá cnochán na h-altórach agus deirtear gur mhinic a léigh sé aifreann ann. Tar éis tamaillín chloisfeadh 'na saighdúirí mar gheall air agus thiocfaidís ar a thóir agus fiche blíain o shion nuair a bhíodar ag baint móna in-aice an chnocáin do fhuaradar fear istig sa phort agus clochaí dubha air agus deirtear gurb'é sagart a bhí ann. Fuaradar an fear agus b'fhéidir gurbh é an sagart a bhí ann. Pé scéal é bhí sé i gCaolcuill có-minic agus bhí sé ann agus dúbhairt Díarmuid a'gabha nuair a bhí sé ag [óg] i gCathair Mointeán is minic a d'airig sé a mháthair.(continues on next page)