School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 317

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 317

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 317
  3. XML “Aifrinn Fadó”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a rádh go raibh sí ag deisuí eadach an tSagairt. Dubhairt sé go rabhadar an-bhocht agus bhí a gcuid-eadaigh an-olch. Thiocfaidís chun Aifrinn á rádh sioch, sneachta, ní fearthainn.
    Deirtear go ndúbhairt sé an t-Aifreann i bhpóirsín Sheámuis Uí Chróthúir ag scioból Uí Ratallaigh, agus thaobh thíar den dtig Uí Fharaillaigh. Annsan fé crann í gcúinne an gháirdín i gCúin Fhóla agus bhí sé ag marcuigheacht ar chapall i gcómhnuidhe acht bhí aon rud amháin aige sé sin go ndearfadh sé Aifreann ar an mbearraich fós sé sin árd na gcasail. Bhí sé ag léigheamh Aifrinn ann sar a gcuireadar seipéal thuas i gCúmfheóla 1809. Ní raibh sé ceaduighthe aca aifrinn do rádh an t-am san in aon chor. Tar éis tamaillín chun go mbeadh sé oireamhnach do na daoinibh. Dúbhairt an sagart Aifrinn istig i dtig na mbó i nDroindubh i bhFeirm Uí Mhurchadha. Ní raibh aon dhroichead i gCúinfheóla an uair sin raghadh na daoine treasna na h-Abann ag an áit I dtugtar Poll Nóra agus annsan raghadh sé suas go hÁrd na gCasail tré bóthar Uaigh an leinbh agus an uair sin bhí an bóthar ar rith taobh theas den mbóthar atá ann anois. Tugtar "change" ar an mbóthar atá ag dul suas ó bheal-atá-na liche. Tugtar "change" ar an mbóthar san agus ar an bpíosa talmhan atá ann agus ní an t-ainm Droumdubh ann in aon chor an uair sin. Bhí sé díreach mar a bhí cathair in aon chor an uair sin. Bhí sé díreach mar a bhí cathair Chorchaighe. Ní raibh aon mheas ar Chorchaigh an uair sin acht an seóladh a bhí aca go léir acht Chorchaigh i n-aice Chíonn tSáile bhí Chíonn tSáile i bhfad níos thab'taighe ná Corchaigh agus bhí bailey mór níos thabhachtaighe ná ceachtar aca. Dubhradar Aifreann i dtig Uí Líatháin sé sin (na ceitirneacha) in Árd na Turais
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. penal times (~4,335)
    Language
    Irish