School: Scoil N. Mocomóg

Location:
Cappaboy More, Co. Cork
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 292

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 292

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 292
  3. XML “Turas Fada in Aon Lá”
  4. XML “Scéal an Tórraimh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall le seaschadh blíain o shion nuair a bhí mo sean-mháthair 'na cómhnuidhe aca darb ainm OSúilleabhain agus dúbhairt sé go n-eireóchadh sé ar mhaidin agus go gcuirfeadh sé na ba isteach sa páirc éigin le h-aghaidh an lae. Nuair a bheadh an mhéid sin dheunta aige raghadh sé go Corchaigh sé sin áit atá suidhte datadh míle o'n áit seo agus annsan go dtiochfadh sé thar n-ais airís um tráthnóna sar a mbheadh an ghréin ag dul fé. Beadh cloch min coirce ar a druim aige agus bheadh sé gan bróga gan stocaí. Thiomáineadsé na ba isteach roimis. Ní bheadh tuirse ortha in aon chor an uair sin. Ní dheanfaidís anois na creatúiríní.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Timcheall seaschadh blíain o shion nuair a bhí mo sean-mháthair na cailín óg do fuair fear éigin bás agus díreach do chuireadar an torramh ar lán tsuibhal. Cleasaidhe do b'eadh an duine a fuair bás agus bhí sé ag magadh futha go léir i gcómhnuidhe. Bhí na cómharsain go léir bailighthe chum an torramh agus bhí 'na seanchaidhe ag innsint sean-scealta ann leis. I lár na h-Oidhche tháinig bachach isteach nach raibh fios ag éinne cé a bhí ann. Leabhair sé leis an fear a bhí ar an mbóird agus dúbhairt sé leis. D'eirigh an fear a bhí ag magadh bachach agus tá brón orm anois fé. D'imthigh an fear annsan mar a shlogfadh an talamh é. Níor leabhair an fear eile aon fear eile aon nídh eile ar san amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. social activities (~7)
        1. rites of passage (~573)
          1. death (~1,076)
    2. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish