Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “Aifrinn Fadó”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ann leis agus clais taobh leis in a raibh an sagart 'na codhladh agus é ag feitheamh le h-eirighe na gréine nuair a thiochfadh na daoine ann. Bhí trúir nú ceathrar ag faire le h-eagla go dtiochfadh na daoine ann. Bhí trúir nú ceathrar ag faire le h-eagla go dtiochfadh na saighdiúirí dearg ortha. An fhaid is a bheadh na buachaillí ag faire beadh ag sagart ag léigheamh an aifrinn.
    I gCúm Líath tá gleann mór fada doimhin ann ar a dtugtar Cúin an tSagairt agus bhíos ag cainnt mé féin agus an t-Athair Breathnach le mnaoí do siolruig o Shígle Ní Cúinn agus timcheall 120 blíain o shion. Dúbhairt sí gur airig sí bíadh agus deoch don sagart a bhí ann agus gur chuir sí paistí na bhriste agus ní ro-mhaith a bhíodar aca an uair sin. Do teasbáin sí an cabhlach dúinn leis 'na raibh an sagart 'na chodhladh an uair sin. Ach nuair a bheadh duine mór-thimcheall a'gleanna breóite ní raibh le deanamh aca acht punann do chuir tré theine agus é d'ardúghadh ar bárr pice. Nuair a chífeadh an sagart é ag lasadh ragadh sé láithreach go dtí a thig chun glaodhach ola do cóinlíonadh. Ar an dtaob eile de'n abhainn tá cnochán na h-altórach agus deirtear gur mhinic a léigh sé aifreann ann. Tar éis tamaillín chloisfeadh 'na saighdúirí mar gheall air agus thiocfaidís ar a thóir agus fiche blíain o shion nuair a bhíodar ag baint móna in-aice an chnocáin do fhuaradar fear istig sa phort agus clochaí dubha air agus deirtear gurb'é sagart a bhí ann. Fuaradar an fear agus b'fhéidir gurbh é an sagart a bhí ann. Pé scéal é bhí sé i gCaolcuill có-minic agus bhí sé ann agus dúbhairt Díarmuid a'gabha nuair a bhí sé ag [óg] i gCathair Mointeán is minic a d'airig sé a mháthair.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge