Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Ball na Lorgain”
  4. XML “Véarsa”
  5. XML “Scéal Púca i gCeapach Buí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus gach rud dó agus d'innis sí an scéal go léir dó agus do thugadar maitheamhnachas dhá chéile agus do mhaireadar go sochair sásta le chéíle (?) o'n lá san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Fadó bhí beairric i gCumar agus nuair a d'fhág na piléars é chuaidh Seán na gCailíní na chómhnuidhe ann. Oidhche áirithe bhíodar go léir na gcodladh nuair do tháinig Séan abhaile mar bhí se ag imirt cartaí i dtig éigin. D'oscail sé an doras agus chuaidh sé cois na teine mar bhí an oidhche ag chur seacha. Nuair do srois se an teine cá do chífeadh sé ann ach bean agus í sínte ar ar an úrlar le h-ais na teine agus gúr cotúin caithte suas ar a cheann. Bhí dorn prátaíin - aice na teine aife mar ba ghnáth leis íad do thógaint sar a raghfadh sé na codhladh. Dúbhairt sé leí éirighe ar san cúpla uair ach mo chreach ní chuir sí aon tsuim air.
    "Dá raghfa in ainm díabhail anois íosfad na prátaí" ar siesean.
    Do suidh sé agus d'ith sé na prátaí agus d'imtig sé na chodladh agus d'fhág sé an bhean sa teinteán na dhiaid agus ní fuair sé aon cúntas uirthi fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.