Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 253
- XML “Ball na Lorgain”
- XML “Véarsa”
- XML “Scéal Púca i gCeapach Buí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Má ta'n tú bocht ná tóg ort féin aon réím
Mar nil maith id ghuth ná brí le fáth do sgeil (?)
Ach ma ta'n tú saidhbhir is cuma cár saoluighís féin
Tá do ráidhte ceart agus brí le púth do scéil - Fadó bhí beairric i gCumar agus nuair a d'fhág na piléars é chuaidh Seán na gCailíní na chómhnuidhe ann. Oidhche áirithe bhíodar go léir na gcodladh nuair do tháinig Séan abhaile mar bhí se ag imirt cartaí i dtig éigin. D'oscail sé an doras agus chuaidh sé cois na teine mar bhí an oidhche ag chur seacha. Nuair do srois se an teine cá do chífeadh sé ann ach bean agus í sínte ar ar an úrlar le h-ais na teine agus gúr cotúin caithte suas ar a cheann. Bhí dorn prátaíin - aice na teine aife mar ba ghnáth leis íad do thógaint sar a raghfadh sé na codhladh. Dúbhairt sé leí éirighe ar san cúpla uair ach mo chreach ní chuir sí aon tsuim air.
"Dá raghfa in ainm díabhail anois íosfad na prátaí" ar siesean.
Do suidh sé agus d'ith sé na prátaí agus d'imtig sé na chodladh agus d'fhág sé an bhean sa teinteán na dhiaid agus ní fuair sé aon cúntas uirthi fós.