Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 254

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 254

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 254
  3. XML “An Cillín in aice leis an Scoil seo”
  4. XML “Ór i bhFaill Mhór”
  5. XML “An Mhaighdean Mhuire agus an Gabha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Taobh thíar don chillín bhí tigín ann agus bhí fear agus bean agus lán tíghe de leanbhaibh sicí. Do tháinig Padraig O Ruairc ann ag géarradh slat agus thug sé beart mór slat leis. Ins an oidhche a leithéid a pondáil agus lógoracht a bhí ann an oidhche sin raghfá dhá mhíle o bhaile ag eisteacht leis.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Do thaibreamh do dhuine éigin a bhí na chómhnuidhe i gCuimar tamall maith o shoin go raibh próca óir sa faill mhóir in áit éigin. Bhí fhios aige go raibh se curtha fe'n shic ghil agus ní raibh le deanain aige ach dul ann agus é do thógaint.
    Ní leoghfadh a a mhuinntir tabhairt fé ar eagla go raibh aon bhille file mCulleadh á leanúint.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  3. Do bhí an Maighdean Muire agus an leanbh Íosa ag taisteal fadá íad an-bhocht ar fad. "Ní raibh sa tsaoghail acu píosa do rud éigin mar a bheadh íarann agus ní raibh fhios acu ar bhfiú aon rud é nár bhfiú. Sa deire do tháinig sí go tug agus do bhí tinncéar ag onair ann mar go raibh tighthe ag na tinncéirí an uair sin agus tá síad ar an mbóthar ríamh o shoin tosc an mallacht a chur ar Mhaigdean Mhuire ortha.
    Do theadbeán sí an píosa den tinncéar agus d'fhíafruig sí dho ar bhfiú aon rud é. "Airiú" a bhean" ar seisean, "níl amn ach rud gac mhaith ." agus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge