School: Scoil N. Mocomóg

Location:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Teacher:
Seán Ó Macháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 242

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0283, Page 242

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Page 242
  3. XML “An Giorria ag Crú na Bó”
  4. XML “An Giorria Eile”
  5. XML “Giorria Eile”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear bocht na chóimhnuidhe i gCathair Móintín fadó acht ní raibh ach bó amháin aige. Gach aon tráthnóna do chíodeadh sé giorrfiadh ag crú na bó agus ní bíodh braon bainne aici is doidhche Tráthnóna amháin do fuair sé indhiadh an ghiorrfiadh íad. D'imthigh sí uatha do bhain madra amháin píosa beag as plaic an ghiorrfiadh agus bhí sruthán fola leis. Do lean an fear rían na fola treasna go Carraige an Gosa agus isteach i mbotháinín beag mar a bhfuil na "Mannings" na gcómhnuidhe anois. Do bhí sean-bhean istig na suidhe sa chúinne agus locháin mór fola ar an úrlár in aici leí. Ní dúbhairt sé aon rud ach suibhal amach airís.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí giorrfiadh thiar i nÁrd na Cloiche tamall o shion, agus ní fheadfadh aon duine é do mharbú. Do bhíod an fear seo Cléirig na Chomhnuidhe ann agus bhí sé í gcómhnuidhe in a dhiad. Bhí na buachaillí i ndiadh an ghiorrfiad tráthnóna Domhnaigh go léir agus d'eirig sí an-tuirseach. Do chuaidh sí isteach sa tor uathu agus do chailleadar é. Do chonnaic Cléirig é dul isteach uatha. Níor déinnis dóibh in aon chor é agus thánig sé féin ag do mharbh sé é. Bhí sé ag seancuidheacht le duine éigin go tuit an oidhche agus nuair a bhí sé ag dul abhaile agus an giorrfiadh na láimh aige, do mhothuig sé rud éigin ag utamáil ar a chóta. Do chas sé síar agus ní bhfeadhfadh sé aon rud d'feiscint. Ba ghéaur gur sgiobadh an giorrfiadh as a láimh agus chuireadh isteach píosa de sean-ghiobal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. Bhí m-athair agus Crothúr O [Luasaigh?] ag foláireach lá tamall o shion thiair i gCeapac na bPoll fé agus do ghoin sé é go h-olc. Ní rabhadar i bhfad a thig [Ceócáin?] agus do rith an giorrfiadh isteach ann. Ní raibh ach doras amháin sa tigh agus bhí sé ar oscailt agus bhí na
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Language
    Irish