Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 264

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 264

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 264
  3. XML “Ruchar Daill fé Aill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is amhlaidh a bhíos ag foláireach lá agus do bhuail Bean Ui Cheocáin [umam?]. Do ghluaiseamar suas i dtreó léim a'tsagairt. Bhíomar ag chur agus ag cuitheamh i dtaoibh ainmneacha na bpáirc nuair a chonnaiceamar an phairc raibh thíar don mbóthar agus cnopóigín annsa agus annsúd at fuaid na páirce. "Cad tugtar ar an bpáirc" arsa mise leithe. "Tá scéal fada ag muinntir na h-áite seo" ar arise, i dtaoibh na páirce sin agus do thosnuigh sí láithreach bonn bhaill.
    Nuair a tháinig Oisín go h-Eireann gluais sé le cois Naomh Pádraig, a bhí an uair sin ag dul mór thimcheall na hÉireann. Ba bheag le Oisín a bfhaigheadh sé le n-ithe agus bhí eagla air go bhfuigheadh nó go lúighfeadh an t-ochras air leis an aimsear. Is é rud a dhein sé ná an cailín aimsire do gearán do Naomh Pádraig. "Dá bhfaighinn sé" arsa Oisín flúirseacht den arán mar faighinn tráth gach ó Fhionn do ghuidhfinn chun Dia na nGrást tú bheith go bhráth ós ar gcionn.
    Naomh Pádraig-- Gheóbhair bíadh agus deoch gan locht uaim féin, ní bhínn liom breithre do bheóil agus [minis] dom gan ghó gach scéal. Bhí Naomh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán O Macháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Marcella Ní Mhuirthille
    Inscne
    Baineann
    Aois
    45
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)