Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 243

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 243

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 243
  3. XML “Giorria Eile”
  4. XML “Giorria Eile”
  5. XML “Giorria Eile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    fuinneóga go léir dúnta. Do leanadar isteach é mar do lean an maidrín é rómpa. Do chonnaic an Cróthur an giorrfiadh ag dul isteach ach nuair do chuarduigheadar an tigh ní bhfeadfaidís é d'fheiscint in aon áit agus ní raibh aoinne istig mar bhíodar ag gladhach ortha. Rud eile ní raghfadh Crothúr ag foláireach annsan riáin o shion agus tá Crothúr na bheatha fós tíos i gCaolcoill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. I nDroin-a-Cláraig in aice A'droichid na Síoraighe trí míle o'n gCaolcoill do cómhnuig athair Donail Uí Chróinín tamall o shion. Do bhí dhá ghadhair an-mhaith aige agus bhí sé amuigh ag fiadach lá. Ar an dtornainn idir é féin agus muinntir Callacháin do chuir sé amach giorrfiadh bréagh mhór. Ach mo chreach ní leanfadh na gadhar é ach tosnuigheadar ag gol agus ag [sceamhghail?]. Do rith an giorrfiadh agus chuaidh sé isteach I dtig "Mullins" atá i nDruim i gCapall agus d'fan sé istig ag séide ar an urlár ar feadh timcheall cuig noimeat, agus annsan d'imtig sé amach airís.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
  3. Bhí fear na chómhnuidhe i [Lisín?] fadó agus bhí ló-líac is fiche 'á crúd aige. Gach aon maidean Samhraid do chídeadh sé giorrfiadh ag crú na mbó agus annsan ní bhíod braon bainne aca. Maidean amháin do fuair sé dha choin agus do tiomáin sé indiadh an ghiorrfiad íad. D'imtig sí uathu acht do bhain cú píosa beag ar plaic an ghiorrfiadh agus bhí sruthán fola leis. Do lean an fear rían na fola go dtáinig sé go tig éigin a bhí in aice leis. Bhí sean-bhean istigh agus í na suidhe ar corcán mór a bhí i n-aice na teine. Do chuarduig sé an tig ach ní raibh giorrfiadh ann. "Seacháim ar seisean" do'n mnaoí, b'fheidir go bhfuil sé istig sa chorcán. "Ní deanfad' ar seise. Annsan do rug sé uirthi as an gcorcán acht cad do bhí istig ann acht locán mór fhola. D'fag sé an tig láithreach agus d'innis sé an sceal.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.