Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
- XML Leathanach 173
- XML “Fear na Gealaí”
- XML “Scéilín Eile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ar airigheis ríamh sceal fear na Gealaighe. Níor airigheis arsa mise, cad é an scéal é?Fear a b'eadh é a chaith a shaoghail annso in áit éigin. Ar an domhain sa fé mar táimíd-ne anois do leaf sé air bheith an-macánta agus shul gach éinne nár dhein sé aon nídh ar a slíghe ríamh. Níor dhein mórán leis admhaighina.Ach bhí easpa teine agus do ghoid sé scáthán ar beárnain a cháirdas Chríost (sé sin a athair baistighe) agus shíl sé ná raibh fhios ag éinne. Nuair a fuair sé bás sé an pionós a ghearr Dia air ná fanacht go deo sa gealaigh agus an scáthán ar iompair aige na sampla den Domhain mór ar an té go mbíonn deagh-chlú ar gan é tuille aige.Scéilín eile a fuaireas ó Shíobhán san am céadhna:Bhí beirt i bpartíocht chun í do mharbhú agus do mharbhuigheadas i dtig ceann aca í, agus nuair a bhíodhar a roinnt ansan dubhairt ceann aca leis an gceann eile."Tá tuille mór san abhainn
Is sleamhain atá na leachacha
Mar a leagadar a crann
Is a bíonn na snisneacha".Agus is dóigh liom go fhuair sé an seithe annsan.- Faisnéiseoir
- Siobhán De Barra
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 92
- Seoladh
- Carraig an Easaigh, Co. Chorcaí
- Bhí beirt i bpartíocht i mbó chun í do mharbhú agus do mharbhuigheadas i dtig ceann aca í, agus nuair a bhíodhar á roinnt ansan dubhairt ceann aca leis an gceann eile.
"Tá tuille mór san abhainn
Is sleamhain atá na leachacha
Mar a leagadar a crann
Is an a bíonn na snisneacha".
Agus is doigh liom go fhuair sé an seithe annsan.(leanann ar an chéad leathanach eile)