School: Scoil N. Mocomóg
- Location:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Teacher: Seán Ó Macháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Mocomóg
- XML Page 172
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Is breágh an saoghal atá agaib anois" ar seisg...”
(continued from previous page)go bórlin uair éigin do chuaidh sé ag feichaint ar na tinneóntaibh. Chuaidh sé go páirc mhóir sé sin an áit bhí botháinín beag aige agus do chuir báirlín anuas air lasmuigh chun go bhfeicfadh sé go maith. D'iarraidh an tighgarna ar cén sórt tigín atá agat agus d'fheagair sé má fanfadh sé len a dhinnéar marbheóchadh sé nébhic dó (sé sin pocán gearrtha a bhead trí blíana) Is sa bhórlin a bhíodar abhalta rudaí bhácalta. Chuirfidís síos teine mór i dtigh tuaraigh a bheadh aiteann ann agus leogfaidís í do bhóghadh amac na sméaróidí. Do scrábfaidís amach an luaithreach agus chasfaidís an bradán isteach i mbileóga na [gepóg?] agus chuirfidís i lár na teine é agus na smearóidí agus luaithreach agus d'fhagaidís annsan é chun é bhácháil agus bíodh sé á deanaimh dos na daoine uaisle go leóir agus b'é an tiasc ba bhréagta a ith éinne ríaimh.Is annsan a bhí daoine bochta le feiscint agus iad ag romhar a ngarraidh. Tógfaidís ceathrú [nú?] acura garridhg ar daoirse, cuig scillingí ar ceathrú agus punt i gcóir acra. Deineann siad é dearg amach ar dtúir agus ní chuirfidís aon aoileach amach uair sin acht chuirfidís anuas ar an ndearg é. Chuirfidís na sgoláin agus annsan chuirfidís aoileach na muice a bheith aca ann agus an cré leis, acht caithfheadh críochnú anois mar níl a thuille agus mar a deireann an seanfhocal."Ní fiú mórán beagán d'aon rud
Ach is fiú mórán eile".- Informant
- Siobhán De Barra
- Gender
- Female
- Age
- 92
- Address
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí