Scoil: Scoil N. Mocomóg

Suíomh:
An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Seán Ó Macháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 275

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0283, Leathanach 275

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil N. Mocomóg
  2. XML Leathanach 275
  3. XML “Scéal Óir ón mBórlín”
  4. XML “Tig Seáinín i gCarraig an Eidhneáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó connachtas bean ar an mbóthar i mBórlín. Bhí eagla ar na daoine go léir roimpí. Oidhche amháin tháinig fear ná raibh eagla air agus do rug sé uirthi agus do thóg sé i abhaile leis.
    D'iarraidh sí air í do leogaint dul uaidh agus dubhairt sé go ndeanfadh sé an rud acht chaithfeadh sí óir d'fháil dó ar dtúis. D'imthigh sé leí agus do romhar sí an t-óir dó agus d'imthigh sí as a radharc mar a d'imthéochadh eán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Bhí fear in a chómhnuidhe i gCarraig a Eidhneáin fadó. Tá loch san áit sin agus tá carraig ann leis. I rith na blíadhna bíonn an charraig clúdhaighthe le h-eidhneán. Sin í an charraig a thughann an t-ainm sin den loch ar a dtugtar Carraigh an Eidhneáin. Bheul bhí fear gaduidhe más maith leat in a chómhnuide ann sa tig nú cró atá le feiscint ann fós. Do dhein taidhbreadh dó go raibh crócha óir fe'n sgich gil i n-aice na lochann acht an chéad duine a chuirfeadh a lámh air go bhfuighfheadh sé bás. Bhí amadán aca agus d'imthigheadar ann agus an t-amadán leo. Fuaradar é agus do rug an t-amadán ar an mbosca. Fuair sé bás coithighis i ndiaidh san ach bhí an t-óir ag na daoine eile. Ceannuigheadar feirm mhór annsan agus tá a slíocht ann fós.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán O Macháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Chaolchoill, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Buachaillí atá ag teacht ar scoil anseo
    Inscne
    Fireann
    Aois
    10