Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí tealtalaidhe fir le feiscint go minic mór thimcheall na h-áite seo nuair a bhíos na cailín óg. Piobaire an chuill a tugtar air. Bhí capall breach aige agus bhí sé ag marcuigheacht ar an gcapall agus é ag dul ó áit go h-áit agus é ag seinnt ceóil acht bhí níos mó ná san aige mar bhí sgata tabhair in a dhiadh i gcomhnuidhe agus uaireannta bhí mionáin aca go léir. Tíochadh sé i gcómhnuidhe chun na h-áite nuair a bheadh na "suidheachán faoisdine" ag suibhal ag na sagairt.San tsean-aimsear bíodh rinnce aca i gcómhnuidhe nuair a bhíodh na "Suidheachán Faoisdine" críochnuigthe agus an piobaire seo a bhíodh ann chun an cheóil a seinnt. Bhí meas mór ag gach einne air agus ní deinnidis aon díoghbháil ar é féin agus a lucht leanamhna ríamh.Deirtear leis go raibh eagla ar na daoine roimis sar a aoirfeadh sé íad agus thabairfidís beat-uisce agus gach uile rud dó. Deirtear leis nár glach sé corp críost ríamh agus pé scéal e níor dhein sé aon rud eile as an slighe.
- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Criostóir O Chriódáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Gort Luachra, Co. Chorcaí