School: Doire an Chairn (roll number 12976)

Location:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Teacher:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 159

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 159

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Doire an Chairn
  2. XML Page 159
  3. XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”
  4. XML “Na Rudaí atá le Fáil ar an dTráigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá mórán rudaí ag fas sa tráig mar an feamanach agus tá leigheas ann do rud ataithe. Tá triopán agus míobhán ag fás in áit garbh agus ní bhíonn sé le fághail aon tam eile acht san t-samhradh agus itheann na daoine é leis. Tríd an míobhán a bhíonn an ceanndonn agus an griobhán agus is féidir glóthaig a dhéanamh do'n griobhán.
    Tá na bárnaig agus na píceán ag fás fé'n féamanach agus tá saghas éirc istig ionnta agus is féidir iad d'ithe. Tá trí saghas pícheán ann mar pícéan donn, pícheán bán agus píceán capail. Bíonn clúaisíní agus rúacail san gainimh agus is féidir iad d'fhaghail san gainim in dhiaidh stoirm.
    Tá leigheas san uisce sáile do scornach tinn agus do chos ataithe. Bíonn an portán san fheamanach agus bíonn na cún-mara ins na lochaín agus tá deiligní tríd agus dá raghadh aon ceann aca id láimh nó id cois ní fruiste é d'fághail amach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá leigheas do'n réim ins an sáile agus ins an feamanach dubh agus tá siad go maith leis do mhuca go mbeadh na crampaí ionnta. Tá carrigín go maith do'n slaighdeán agus do dhaoine a bheadh lag cun iad do reartaithe. Tá miomhán go maith do pháistí go mbhead piastí ionnta. É tiormúghadh agus é bheirúghadh agus an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish
    Collector
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Gender
    Female
    Address
    Liathchoill, Co. Chorcaí
    Informant
    Micheál Ua Cruadhlaoich
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    46