Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 329

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 329

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 329
  3. XML “Ag Gabháil tré Bhaile Átha Cliath dom”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Is a rúin ghil ná tréig mé ní leat féin mé ach go maidean.
    An aithnigheann tú féinig laoth geal do chroidhe istigh?
    An cailín ciúin tréightheach a bhíodh taobh leat san oidhche?
    "Ní aithnighim tú in aon chor, níl aon phioc d'á gnaoi ionnat
    "Mar d'iompuig dath na cré orm dath na gréine is na gaoithe
    Mo shlán beó siar chughat a ghrian bhruinneal áluinn
    Mo chailín chiuín ciallmhar ó iarthar Uibh Ráthaig,
    Bhíodh na fir óga ag dul ag triall ort, le dian shearc is grádh duit,
    Is do bhfiú tú mac Iarla a theacht ag triall ort tar sáile.
    Tá mo leanbhaí gan cíoradh, gan nigheadh 'gam gan glanadh,
    Gam suim á chur na mbéilí ó d'fhágas an baile.
    Bíonn siad ag rinnce le baois na díthchéille,
    Is mise ag siubhal tíortha, a's gan mé ag dul d'á bhféachaint.
    ------------------
    Fear é seo a fhág an baile ag lorg leighis d'á mhnaoi. Cailleadh í agus é ar an mbóthar, agus tháinig sí cuige i na spirid á thriaill feachaint an mbeidh fonn postadh anois air. Ach bhí sé dílis dá chéad chéile, agus dá chlainn agus sin iad a bhí ag déanamh mearathaill d'on bhfear bocht.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Eibhlís Bean Uí Ceárna
    Inscne
    Baineann