School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is a rúin ghil ná tréig mé ní leat féin mé ach go maidean. An aithnigheann tú féinig laoth geal do chroidhe istigh?
An cailín ciúin tréightheach a bhíodh taobh leat san oidhche?
"Ní aithnighim tú in aon chor, níl aon phioc d'á gnaoi ionnat
"Mar d'iompuig dath na cré orm dath na gréine is na gaoithe
Mo shlán beó siar chughat a ghrian bhruinneal áluinn
Mo chailín chiuín ciallmhar ó iarthar Uibh Ráthaig,
Bhíodh na fir óga ag dul ag triall ort, le dian shearc is grádh duit,
Is do bhfiú tú mac Iarla a theacht ag triall ort tar sáile.
Tá mo leanbhaí gan cíoradh, gan nigheadh 'gam gan glanadh,
Gam suim á chur na mbéilí ó d'fhágas an baile.
Bíonn siad ag rinnce le baois na díthchéille,
Is mise ag siubhal tíortha, a's gan mé ag dul d'á bhféachaint. ------------------Fear é seo a fhág an baile ag lorg leighis d'á mhnaoi. Cailleadh í agus é ar an mbóthar, agus tháinig sí cuige i na spirid á thriaill feachaint an mbeidh fonn postadh anois air. Ach bhí sé dílis dá chéad chéile, agus dá chlainn agus sin iad a bhí ag déanamh mearathaill d'on bhfear bocht.- Informant
- Eibhlís Bean Uí Ceárna
- Gender
- Female