Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 325

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 325

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 325
  3. XML “An Buaireamh”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    'Sé adubhairt sí liom fág mé, ní hádhmhar duit mé,
    Mar is bean óg ar an bhfán mé, a thárlaidh id' linn.
    V.
    Ach más bean dhúbhach ar an bhfán tú a tharlaidh id' linn,
    Suidh annso taobh liom, is tabhair slán fé gach buidhean,
    An tú maighdean na mban fhola [?], nó na dtáithíní buidhe,
    Nó an stóirín mhilis mhánla a sciob París ó'n Rí.
    VI.
    Ní haoinne de'n méid sin mé féin d'á ndubhraís,
    Ach cailín ciúin tréitheach ó'n dtaoibh eile thír,
    Ní shíneas mo thaobh deas le h-aon fear sa ríoghacht (nó: fós riamh)
    A's tóg dom do gheaghaibh táim deannach dom buidhean.
    VII.
    Nuair a thógas mo ghéagaibh d'á ceol coimín síos
    Ba ghile ar a tobh í ná an sneachtadh ar an gcraoibh,
    Ba gile í ná'n fhaoilean ar an mín-loch ag snámh,
    Bhí flannel is lín uirthi, is ní raibh sí 'gam ach lá.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mártan Ó Ceárna
    Inscne
    Fireann