Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí oidhche annso is eadtrach annsúd acu. Oidhche amháin thángadar go dtí com uaigneach cnuic agus luigheadar ann chun codhladhta. Leathadar amach an scárlaod agus tháinig gach saghas bidh anuas air, agus d'itheadar an lán ndóithin. D'fágadar an scarlaod fé chun an chrainn mar ceapadar ná bainfheadh aoinne eile leis iargcúldacht na h-áite.
Thuit an fear d'á chodhla, a's d'fhan an bhean 'á fhaire. I gceann tamaill chonnaic sí an fiolar mór ag máirneáil san aér. Gan aon choinne aici le faic siúd anuas an fiolar agus sciob sé leis an scarlaod. Scannruig an bhean is dubhairt sí léi féin go mbeadh an fear ar mire nuair a dhúiseóchadh sé is go mbeidís i mbaoghal a mbáis gan biadh is ná sroisfhidís baile cuain go deó. Sciob sí léi máilín bóthair an fhir i ndearmhad in ionad a máilín féin agus siúd léi indiaidh an fhiolair. Lean sí an t-éan gan traochadh. Bhí fhios aici go ndeanfhadh a fear codhla seacht laé is seacht oidhche, mar sin mar a bhí ag gach gaiscidheach d'á shórd an t-am san. Lean sí an fiolar go dtí go raibh an capall bán ag dul fé scáth na cupóige is an chupóg ag teiche uaithe, madraí an bhaile is na madraí alla ag amhastaraig, sean-mhná ag dul chun suip t'réis a ndóithín do chúlchainnt is do thobac. Ach lean sí an t-éan. Chonnaic sí é ag léimrig isteach trí fhuinneóg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mícheál Ó Guithín
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí