Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 248
  3. XML “Mac Rí na hÉireann is Iníon Rí na Fraince”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    uachtrach i shean-chaisleán diamhair. Bhí spící móra iarainn timcheall fallaí an Chaisleáin sin. Bhí an oidhche cíordhubh uaigneach, a's ní raibh fhios aici cár fhág sí a fhear. Ní fheadair sí thoir ó thiar, a's bhí sí d'á dhalladh amach ag an saoghal. Chonnaic sí baile beag dorcha tamall uaithe agus chuaidh sí fá na dhéin. A leithéid ní fheaca sí ariamh. Bhuail sí uirthi culaith an fir a bhí ins an mailín bóthair aici. Chuaidh sí isteach i mbothán beag a bhí i mbéal lána grándha salach. Bhí aindiseóir seana mhná craptha sa chúinne, agus feasóg liath uirthi le canncar is le críonnacht, a's nuair a chonnaic sí an péarda duine uasail chúiche aníos an t-úrlár baineadh preab aisdi. B'ait léi cad a sheól ina leithéid d'áit a leithéid d'fear mór groidhe galánta.
    "Buail chúgham aníos a chroidhe go gcimileóchaidh me cuid do'n súithe seo dhuit go ndéanfhad ar nós mhuinntir an bhaile seo thú. Baile diamhair é a chroidhe atá fé draoidheacht ag cailleach atá sa Caisleán úd thall. Mílltear agus coirightear gach aoinne a thagann i ngaor na háite ach ní baoghal duit má bhíonn an súithe cimilte duit," ars an tsean bhean. "Tá an cailleach san 'ár gcrádhadh is 'ár gciapadh riamh, is níl rígh ná rath ar aoinne atá ins an mbaile bréan brónach so. Tá sé sa tairngreacht go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0400: The Man on a Quest for his Lost Wife
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ó Guithín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí