Scoil: An Bloscaod Mór

Suíomh:
An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Nic Gearailt
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 179

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0418, Leathanach 179

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Bloscaod Mór
  2. XML Leathanach 179
  3. XML “Cailleacha an Dúna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ó Mhuiris O Concubhair, an Bloscaod Mór, Dúnchaoin, a fuaireas an scéal so. Tá sé timcheall chúig mbliana is trí fichid d'aois, agus deirtear gur scéal fíor é.
    Fadó riamh bhí lánamha 'na gcómhnuidhe san Oileán. Ní raibh aon thig eile san Oileán an uair sin acht a dtig féin. Dé mhuinntir Mháirtín ab' eadh iad. Lá amháin theastuig ó'n bhfear dul 'on bhaile mhór ag triall ar lón. Dubhairt sé leis féin go mbeadh sé ag baile fé thuiteam na h-oidhche. D'athruig an uain ar an bhfarraige agus níor fhéad an fear teacht abhaile an oidhche sin. Chaith an bhean fanacht ina haonar ins an tig. Taréis an tsuipéir d'itheadh do'n mnaoi do thosnuig sí ar sníomhadh ar a suaimhneas. I gcaitheamh na hoidhche do bhraith sí an fothrom ag an doras. D'oscladh an doras agus bhuail mór sheisear sean bhan isteach. Do dhruideadar suas leis an sean- bhean agus chromadar ar cabhrú léi; agus ba mhaith chuige iad. Annsan labhair duine acu:—
    "A bhean an cháirdín má's cairdín seo ar siubhal agat, cíoraim é, sníomhaim é is fearrde dhuit congnamh d'fhághail."
    "Tá'n sibh ana mhaith chun na hoibre agus táim ana bhuidheach duit, do gach duine díbh."
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. cailleacha (~139)
    Innéacs seanscéalta
    AT0501*: “The Fairy Hill is on Fire!”
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Muiris Ó Concubhair
    Inscne
    Fireann
    Aois
    c. 65
    Seoladh
    An Blascaod Mór, Co. Chiarraí