Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Bloscaod Mór
- XML Leathanach 132
- XML “An tSiamhá”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'eirig sí chuige agus bhí sí ag gabháil do. Annsan chuimhnig sé ar Sheabhac na Faille Fuaire a's ar a cháirde eile agus ghlaoidh sé ortha. Tángadar chuige go tapaidh agus stracadar as a chéile an tSíamhá. Bhí sé sásta annsan.
D'oscail an fear doras i seómra ar chúl an tighe agus cad a bhí thiar ann ach triúr cailíní a bhí na bpríosúnaig ag an t-Síamhá.
"Ó Cabhair Dé chúghainn," arsa na cailíní. Thóg na cailíní suas a gcroidhe agus d'eachtraigheadar do'n bhfear.
"Thóg an tSíamhá sinne ó Chloch na mBáirneach agus sin ag baint bháirneach agus táimíd annso ó shoin," arsa na cailíní.
Ghléasadar suas iad féin, an fear agus an bhean agus na cailíní, agus shroiseadar an port go sábháltha.
Bhuaileadar isteach go dtí tig a muinntire thráthnóna. Bhí fáilte agus fiche ag a muinntir rómpa. Bhí tig mór groidhe tógtha acu as an airgead a bhí deanta acu ar an iasc agus bhí tamall maith ag an mac agus ag a mhnaoi ina bhfochair.- Faisnéiseoir
- Máire Ní Chéarna
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí