School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Kerry
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 132
- XML “An tSiamhá”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D'eirig sí chuige agus bhí sí ag gabháil do. Annsan chuimhnig sé ar Sheabhac na Faille Fuaire a's ar a cháirde eile agus ghlaoidh sé ortha. Tángadar chuige go tapaidh agus stracadar as a chéile an tSíamhá. Bhí sé sásta annsan.
D'oscail an fear doras i seómra ar chúl an tighe agus cad a bhí thiar ann ach triúr cailíní a bhí na bpríosúnaig ag an t-Síamhá.
"Ó Cabhair Dé chúghainn," arsa na cailíní. Thóg na cailíní suas a gcroidhe agus d'eachtraigheadar do'n bhfear.
"Thóg an tSíamhá sinne ó Chloch na mBáirneach agus sin ag baint bháirneach agus táimíd annso ó shoin," arsa na cailíní.
Ghléasadar suas iad féin, an fear agus an bhean agus na cailíní, agus shroiseadar an port go sábháltha.
Bhuaileadar isteach go dtí tig a muinntire thráthnóna. Bhí fáilte agus fiche ag a muinntir rómpa. Bhí tig mór groidhe tógtha acu as an airgead a bhí deanta acu ar an iasc agus bhí tamall maith ag an mac agus ag a mhnaoi ina bhfochair.- Informant
- Máire Ní Chéarna
- Gender
- Female
- Age
- c. 80
- Address
- An Blascaod Mór, Co. Kerry