Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí aon Drifiúirín Amháin Agam.
Is minic a chuala an t-amhrán seo i mbéalaibh na ndaoine ins an mBloscaod Mór. Amhrán an-aosda ar an mbaile iseadh é adeirid, agus canaid go bríoghmhar tapaidh é. Glaodhann daoine __________ mar ainm air. I.
Fuaireas-sa tuairisc ó'n scolaire a scríbh,
Gur ghaibhis-se go fuadrach an móinteán síos,
A bhuachaill a chínn dual-gcais is na gcochánaibh buidhe,
'Sé mo bhuaidhreamh mar fuaireas-sa náire dod' dhruim.
II.
Dá gcasfaí ministir i lúib coille orm, nó aodhaire bhó,
Scafaire d'fear ceannasach nó ógánach óg,
Níor bh'aon deifir liomsa leanbh le haon neach beó
Ach mac m'athair féin a chealg me go deó, deó, deó.
III.
Bhí aon drifiúirín amháin agam is chuireas í 'on chíll,
Bhí an iúbhair ag gabháil chúiche is í ina suidhe,
B'í an óigbhean í ba mhúinte is ba áilne gnaoi
Is níor fhág sí dúil agam i súgradh ná i ngaire grinn.
IV.
B'feárr liom ná mo chapaill is d'á náirmheóchainn-sé an t-srian,(leanann ar an chéad leathanach eile)