School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 126

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 126

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 126
  3. XML “Bhí Aon Drifiúirín Amháin agam”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí aon Drifiúirín Amháin Agam.
    Is minic a chuala an t-amhrán seo i mbéalaibh na ndaoine ins an mBloscaod Mór. Amhrán an-aosda ar an mbaile iseadh é adeirid, agus canaid go bríoghmhar tapaidh é. Glaodhann daoine __________ mar ainm air.
    I.
    Fuaireas-sa tuairisc ó'n scolaire a scríbh,
    Gur ghaibhis-se go fuadrach an móinteán síos,
    A bhuachaill a chínn dual-gcais is na gcochánaibh buidhe,
    'Sé mo bhuaidhreamh mar fuaireas-sa náire dod' dhruim.
    II.
    Dá gcasfaí ministir i lúib coille orm, nó aodhaire bhó,
    Scafaire d'fear ceannasach nó ógánach óg,
    Níor bh'aon deifir liomsa leanbh le haon neach beó
    Ach mac m'athair féin a chealg me go deó, deó, deó.
    III.
    Bhí aon drifiúirín amháin agam is chuireas í 'on chíll,
    Bhí an iúbhair ag gabháil chúiche is í ina suidhe,
    B'í an óigbhean í ba mhúinte is ba áilne gnaoi
    Is níor fhág sí dúil agam i súgradh ná i ngaire grinn.
    IV.
    B'feárr liom ná mo chapaill is d'á náirmheóchainn-sé an t-srian,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish