Scoil: An Bloscaod Mór
- Suíomh:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Máire Nic Gearailt
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)duine acu sa chathaoir agus d'iarr sí mac Rí na Spáinne a theacht agus í a phósadh. chuaidh an tarna inghean agus d'iarr sí mac rí na Gearmáine theacht ag triall uirthe agus í a phósadh.
Níor ghéill an treas inghean do chómhacht na cathaoireach in aonchor agus cheap sí nár chás di aon nidh d'iarraidh mar mhagadh agus nár bhaoghal go dtarlóchadh aon nidh díobh. D'iarr sí mar mhagadh Cú Bhán an tSléibhe a theacht agus í a phósadh.
Nuair a tháinig a Rí abhaile bhí tuairim aige gur ealaig na hingheanacha amach agus gur chuadar o'n chathaoir. níor bfada gur tháinig mac Rí na Spáinne is a chomplacht in aonfhacht leis. D'iarr sé an inghean chríonna. Fuair sé le pósadh í. Bhí baineise ar feadh seacht lá is seacht noidhche acu. Ní raibh san ach thart nuair a tháinig mac Rí na Gearmáine, agus d'iarr sé an tarna inghean. Fuair sé í agus bhí an pósadh gléigeal céadna acu agus an baineise. Bhí an Rí an-shásta mar bhí fios aige gur dhein an bheirt inghean gníomh uasal.
I gcionn tamaill tháinig Cú Bán an tSléibhe go dtí'n doras. Dubhairt sé leis an Rí a bhean a chur amach chuige. Bhí straidhn ar an Rí agus d'fhógair sé dhó an doras d'fhágaint. Dubhairt an chú go leagfadh sé anuas an tig muna gcuirfheadh sé amach an cailín chuige.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Muiris Ó Catháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí