School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 120
  3. XML “Cú Bhán an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    duine acu sa chathaoir agus d'iarr sí mac Rí na Spáinne a theacht agus í a phósadh. chuaidh an tarna inghean agus d'iarr sí mac rí na Gearmáine theacht ag triall uirthe agus í a phósadh.
    Níor ghéill an treas inghean do chómhacht na cathaoireach in aonchor agus cheap sí nár chás di aon nidh d'iarraidh mar mhagadh agus nár bhaoghal go dtarlóchadh aon nidh díobh. D'iarr sí mar mhagadh Cú Bhán an tSléibhe a theacht agus í a phósadh.
    Nuair a tháinig a Rí abhaile bhí tuairim aige gur ealaig na hingheanacha amach agus gur chuadar o'n chathaoir. níor bfada gur tháinig mac Rí na Spáinne is a chomplacht in aonfhacht leis. D'iarr sé an inghean chríonna. Fuair sé le pósadh í. Bhí baineise ar feadh seacht lá is seacht noidhche acu. Ní raibh san ach thart nuair a tháinig mac Rí na Gearmáine, agus d'iarr sé an tarna inghean. Fuair sé í agus bhí an pósadh gléigeal céadna acu agus an baineise. Bhí an Rí an-shásta mar bhí fios aige gur dhein an bheirt inghean gníomh uasal.
    I gcionn tamaill tháinig Cú Bán an tSléibhe go dtí'n doras. Dubhairt sé leis an Rí a bhean a chur amach chuige. Bhí straidhn ar an Rí agus d'fhógair sé dhó an doras d'fhágaint. Dubhairt an chú go leagfadh sé anuas an tig muna gcuirfheadh sé amach an cailín chuige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Catháin
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry