School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 121

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 121

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 121
  3. XML “Cú Bhán an tSléibhe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chuir an Rí an cailín amach sa deire mar ní raibh aon dul as aige. D'imthigh sí féin is an chú go dtanghadar go dtí Caisleán breágh i gcom cnuic. D'oscail an chú an doras agus chuadar isteach. B'é an tig ba bhreághtha d'á bhfaca ingean an Rí ariamh. Do labhair an chú léi mar bhí a chroidhe 'á shlad ag an uaigneas.
    "Cé cu bhfeárr leat mise a bheith im' chú sa ló agus im fhear ist oidhche nó a mhalairt."
    "B'fheárr liom tú a bheith id' fhear ist oidhche," ar sise, "pé slighe a chuirfhead suas leat sa ló."
    Níor thúisce sin ráidhte ná dhein prionnsa uasal do'n gcoin. D'innis sé dhí gurb draoidheacht a chuir a bhean (mháthair) air agus ná raibh aoinne chun an draoidheacht san a bhaint dó ach í féin.
    "Foidhnig-se gach rud cruaidh, agus bhuadhairt a thiocfaidh treasna ort agus ná hinnis focal d'aoinne mar gheall ar ár saoghal," arsa an prionnsa. Fé cheann trí mbliadhna beidh an draoidheacht imthighthe domsa, muna nínnseann tú d'aoinne cionnus táim."
    I gcionn bliadhna tháinig an chú agus an bheann abhaile go tig an rí. D'fhan an chú ag an ndoras go raibh an bhean imighthe isteach agus ansan d'imthig sé fé'n sliabh airís. Bhí an-áthas ar an rí nuair a chonnaic sé a inghean go sláinteamhail, greanta, órnáideach, agus í ag féachaint go sásta.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0425: The Search for the Lost Husband
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Catháin
    Gender
    Male
    Address
    An Blascaod Mór, Co. Kerry