Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéal Béaloidis

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 110

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí bean uasal i na comhnuidhe ins an Domhan Thoir uair amháin agus bhí sí an t-saidhbhir. Ag an am sin bhí daoine eile a bhí 'san áit an-bhocht agus bhíodh siad i gcomhnuidhe ag iarraidh déirce uirthi ach ní thiubhradh sí tada dóibh. Lá amháin chuir an bhean seo fios ar chaiptín luinge agus dubhairt leis a dhul go dtí an Domhan Thiar agus lán luinge den rud a b'fhearr a d'fheadfadh sé a fhághail a thabhairt chuici. Cheap an caiptín nach raibh rud ar bith a b'fhearr dó a thabhairt ná lán luinge de chruithneachtan. I gcionn bliadhna d'fhill sé agus an chruithneacht aige. Nuair a chonaic an bhean an rud a bhi aige bhí an olc uirthi mar bhí sí ag súil le rud ionghantach eicint. Ní dhearna sí ach an chruithneacht ar fad a chaitheamh amach sa bhfairrge. Nuair a chonaic an caiptín é seo bhí an-fhearg air agus dubhairt sé go dtiocfadh an lá fós a mhaith le builín aráin a bheith aca. Dubhairt sise nach dtiocfadh an lá go deo. Timcheall seachtmhain i na dhiaidh sin las an teach a raibh sí ann agus las a cuid airgid agus chuile rud. Tar éis tamaill bhí sí níos boichte ná aoinne dá raibh ann.

Bailitheoir
Maighréad Ní Chúláin
Inscne
baineann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Máirtín Ó Cúláin
Inscne
fireann
Seoladh
Dumhaigh Ithir, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge