Scoil: Maighros
- Suíomh:
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Séamus de Brún
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéaltaí faoi cistí óir i bhfolach.
Timcheall an ama a raibh Annraoí VIII ina rí ar Shasana bhí trioblóid sa tír seo idir Normánaigh agus Gaedhil. Aon nduine a raibh mórán airgid aige bhíodh sé 'á chur i bhfolach sa talamh nó i sean bhalla eicínt ionnus nach bhfuigheadh na robálaí é. Bhíodh na cneamhairí seo ag dul thart shiubhal oidhche agus teach ar bith a gceapaidis go raibh airgead ann theighidís isteach ann agus réabaidís é ar thóir an airgid sin.
Deirtear go bhfuil pota óir i bhfolach san sean teampoll atá thuas i reilig Mhiaghruis. Bhí sé ráidhte duine ar bith a gheobhfadh an t-ór go dtuitfhead píosa de'n mhéir dhe, mar go raibh cú sidhe ag tabhairt píosa do'n phota. Uair amháin chuaidh fear ar a thóir acht ghearr se a mhéir le cloch ghéar agus chaith sé annsin é. Ní raibh aon chlaidhe ar an reilig ag an ám seo, agus bhíodh beithigh ag dul isteach ann. tháinig fear abhaile as Canada uair eile agus shocruigh sé dhul ar thuairisg an chiste pé rud a chosnóchadh sé. Ba ghearr go raibh sé ag tóruidheacht agus ag cartadh ar fud na ndriseacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Stiophán Mac Gloinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Maíros, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Beartla Guairim
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe