Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Áire Ár n-ainmhidhthe TighisIs beag feirmeóir ar fúaid na dúthaighe nach bhfuil sórt eigin ainmhidhthe acú. Tá dhá shaghas ainmhidhthe ann mar atá, ainmhidhthe tighis agus ainmhidhthe feirmeach.
Tá cuid mhaith ainmhidhthe againn sa bhaile mar atá, bó, capall, sgata caora agus much againn. Deireann m'athair "Thó "Thó" leis na búaibh núair a bhíonn sé á dtiomáint chun na páirce agus o'n bpáirc.
Tá teach againn taobh amuigh de'n tigh cómhnaidhthe in a gcruidtear na ba. Cró na mbó á tugtar air. Núair a bhíonn m'athair chun na bó do chrúidh gheibheann sé píosa rópa agus ceanglann sé timcheall cosa an bhó íad. Ní bhíonn sí indhan corruighe annsin go mbíonn sí crúidhte aige. Bionn pictiúr "An Croidhe Naomhtha Iosa" crochta ar bhalla tighe na mbó againn chun ádha a thabhairt do'n stoc.
Núair a bhíonn an bhó crúidhthe ag m'athair cuireann sé figiúr na croise ar dhruim an bhó le'n á urdóig. Tá teach eile againn inaice le teach an bhó. Stábla(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhruig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe