Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ó Chinn Mhara bhí áit ar a dtugadh leabaidh Naomh Chiaráin agus chúaidh cailín ann a bhí in a balbhán. Do dhein sí codladh ins an saghais leabaidh do bhí ann agus núair dúisigh sí ar mhaidin bhí sí indhan cainnt. Bhí ana-ionghnadh ar a muinntear núair chonnaiceadar go raibh sí indhan labhairt cómh tapaidh sin.
I nDún Gúaire timcheall ceathramhadh míle ó Chinn Mhara bhí loch beag uisge, agus dubhradh fé go raibh sé indhan cosaí briste do leighsiú. An naomhadh lá fiche de mí Deire Fóghmhair tháinig bean ó Chinn Mhara go dtí an tobar sin le cos briste. Do dhein sí uisge an locha bhig do dhortadh anúas ar an gcois trí h-úair agus tar éis an triomhadh úair dhein sí iarracht ar seasamh agus sheas sí cómh maith is nach raibh aon rud ar a chos.
Núair bhí méar gortuighthe ar dhuine sé rud do rinne sé ná píasta d'fhágh agus é a cheangal timcheall a méire, agus núair a thóg sé as a méire bhí sé indhan a mhéar a oibriú cómh maith is bhí sé aríamh. Is iomdha leigheas a bhí ag na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Uí Laoghaire
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe