Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara

Suíomh:
Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Siúracha na Trócaire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0049, Leathanach 0045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
  2. XML Leathanach 0045
  3. XML “Nósanna na nÉan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé Dia a chruthaigh na h-éanlaith agus mar gheall ar sin tá orainn gan díogbháil a dhéanamh ortha. Is beag tír ar fúaid an domhain nach bhfuil éanlaith ann. Tá dhá shaghas ann, éanlaith tighis, agus éanláith fiadháin.
    Siad na h-éanlaith is mó atá coitchianta ina dhúthaigh féin ná an spideóg, an lon-dubh, an smólach, an colúr, an snag, breac, agus an dreoilín. Bíonn an chuid is mó de's na h-éanlaith againn an blían ar fad ach amháinan fhainleóg, an chuach, agus an traona, a théigheann go dtí tíortha eile. Is ionghantach an cuma a théigheann na h-éanlaith. Fanann said go mbíonn an oidhche ann agus annsin tagann siad go dtí balla ard. Imnighid leo as an balla sin i lár na h-oidhche go dtí tíortha eile. Ní imtigheann an chuach go dtí go mbíonn gráinne cruinntheachta, grainne eórna, agus gráinne seagal aicí 'na ghob. Is i mbarraibh na ngéag a dhéineann an chuid is mó de na h-éanlaith a nead ach amháin an chúach.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Uí Laoghaire
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraig Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Gairm bheatha
    Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe