Scoil: Clochar na Trócaire, Cinn Mhara
- Suíomh:
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Siúracha na Trócaire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)nuair adubhairt Gobán leis an mhach an bóthar a ghiorrachan. Dubhairt an mach nach bhféadfadh sé an bóthar a ghiorrachan acht siubhail go tapaidh. D'fill an Gobán agus a mhac abhaile an dara lá nuair a bhíodar ag imtheacht dubhairt an mháthair leis an mhach sgéal a innsint do Ghobán nuair a dhéirfeadh sé leis an bóthar a ghiorrachan. An tríomhadh lá nuair adubhairt an Ghobán leis an mach an bóthar a giorrachan d'innis sé sgéal dhó.
D'imthigheadar nó go dtáinigheadar go dtí an áit in a raibh an caisleán a dhéanamh agus dhubhairt sé leis an caisleán a thósnú. Dhubhairt an rí nach dtabharfadh sé aon airgead dó. Nuair a bhí an caisleán beagnach críochnúighthe, dubhairt an Ghobán nach mbhead[h] sé i ndán an caisleán a críochnuigh a bhfaighead[h] sé an t- uirlis a bhí sa bhaile aige. Chuaidh m[ac?] an duine uasail abhaile le h-aghaidh an uirlis. Nuair a chuaidh sé isteach i dteach an Ghobáin chun an uirlis d'fághail. Dubhairt an bhean le[is] é a fhághail as an mbosca mór a bhí le h-a[is] an dorais. D'osgail sí an clúdhach agus chuir an duine uasal a cheann isteach ann. Dún sí an clúdhach go tapaid agus d'fhágh sí an duin[e] uasal isthigh ann. Cuir sí fios ar Ghobán a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Moráin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraig Ó Laoghaire
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe