Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0259

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0259

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0259
  3. XML “Nósanna na Nollag”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nósanna na Nodlag
    Ní h-iad na nósanna céadna a bhíodh ag na daoiníbh fadó agus atá acu anois. Ní bhíodh an oiread rudaí deasa ag na daoinibh fadó agus a bhíos anois. Bhíodh cácaí déanta de fhataibh agus de phlúr ag na daoinibh ar an gceathair a chlog agus bhíodh an bhéile mhór acha ar a h-ocht a chlog ar Oidhche Nodlag. Ní bhíonn mórán cácaí déanta de fhataibh agus de phlúr ag na daoinibh anois. Deireann na daoine gur ceart an doras a d’fhágáil ar oscailt ar Oidhche Nodlag d’Íosa Críost. Cuireann na daoine cuileann agus eidheann suas an teach. Bíonn coinnle móra daithte ar lasadh ar Oidhche Nodlag - ceann ar aghaidh gach fuinneóige san teach.
    Deirtear nach ceart do dhuine ar bith na coinle seo do lasadh ar Oidhche Nodlag acht d’fhear a’tighe nó dá mhnaol. Deirtear freisin gur ceart do chuile duine de’n líon-tighe bheirth istigh sul a lastar na coinnle. Nuair a lastar na coinnle is ceart do’n líon-tighe iad féin a coisreacan.
    An duine a lastas na coinnle ba cheart dó a rádh os comhair an lín-tighe “go mbeidh muid beo an t-am seo arís.”
    Léigheann an sagart trí h-aifrinn ar lá Nodlag anois. Bíonn an chéad cheann ar leath-uair thar éis a h-ocht anois acht fadó léightí an chéad cheann go h-an-mhoc ar maidin. Tá sé ráidhte gur éirigh fear nach raibh aon chlog aige Oidhche Nodlag go raibh an ghealach lán agus go raibh sé ag an séipéal ar an trí a chluig ar maidin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Nollaig (~455)
    Teanga
    Gaeilge