School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Location:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Ó Conchobhair
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0132

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0032, Page 0132

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Page 0132
  3. XML “Scéal fá Chiste”
  4. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin darbh ainm Páid Ó Cheallaigh agus bhí sé ina chomhnuidhe i gConamara. Bhí se ag brionglóid oidhche amháin go raibh pota óir faooi dhroichead amuigh i Lonndon. D'éirigh sé go moch maidin lae ar na bháireach agus chuaidh sé go London. Bhí sé ag siubhal go dtáinig sé go dtí an droichead agus sheas sé suas air. Tháinig fear chuige agus dubhairt sé leis go raibh pota óir faoi chrann a bhí ag fás ar thalamh Pháid Uí Cheallaigh. Chuaidh Páid abhaile agus thosaigh sé ag romhar. Nuair a bhí an crann bainte aige fuair sé an t-ór agus bhí sé saidhbhir ar feadh a shaoghal.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Nuair a bhí na saor-chlocha ag déanamh Mainistir Bhaile Cláir bhí an Gobán Saor ag obair ann. Ní raibh aon mheas ag na saoir eile air mar cheapadar gur amadán a bhí ann. Lá nuair a bhí siad ag dul ag ithe a ndinnéar thug siad cloch mhór dó agus dubhairt siad leis cat is dá ruball air a dhéanamh aiste. Acht nuair a tháinig siad amach bhí an cat is dá ruball air déanta aige. Nuair a chonnaic siad sin bhailigh siad a gcuid rudaú le chéile agus d'fhág siad ag an nGobán-Saor le dhéanamh é. Rinne sé sa mbliadhain 1290 é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Gobán Saor (~181)
    Language
    Irish
    Informant
    Seaghán Ó Cuinn
    Gender
    Male
    Age
    82
    Address
    An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe