Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0148
- XML (gan teideal)
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Nuair a bhí Íosa Críost agus Naomh Peadar ag siubhal an domhain fadó casadh fear leo agus thosuigh sé...”
(ar lean ón leathanach roimhe)droichead dubhairt Íosa le naomh Peadar é a chaitheamh ins an abhainn agus do chaith sé amach píosa dhe agus dubhairt Íosa leis é a chaitheamh amach ar fad agus do chaith sé amach píosa eile de. Dubhairt Íosa annasin mara gcaithfeadh sé amach ar fad é gurbh shin é a f'fhágfadh sainnt na sagart i n-a dhiaidh go bráth.(gan teideal)
“Uair amháin bhí Naomh Peadar ag siubhal in-éineacht len-Ár dTighearna.”
Uair amháin bhí Naomh Peadar ag siubhal in-éineacht le-n-Ár dTighearna. Bhí ocras ar Naomh Peadar agus bhí builín aige agus é dhá ithe. Gach uair a labhaireadh Ár dTighearna leis bhíodh ar naomh Peadar an píosa builín a chaitheamh as a bhéal. Gach áit a chaith Naomh Peadar an píosa de bhuilín d'fhás miosarún ann. Rinne an diabhal an rud céadna agus d'fhás cineál eile ann. Ba nimh iad agus aon duine a d'ith iad caileadh é.- Faisnéiseoir
- Baintreach Thomáis Uí Dhubhagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 75
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe