Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0248

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0248

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0248
  3. XML “Seantithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí go leor tighthe ar an mbaile seo, Móinteach, fadó thar mar atá anois. Níl ar an mbaile anois acht naoi dtighthe déag acht is cuimhneach le na sean-daoinibh nuair a bhí dhá theach eile ar an mbaile. Tá ceann aca a bhfuil na ballaí le feiceáil ann fós agus an teach eile cuireadh amach é leis an mbóthar a dhéanamh. Tá go leor sean-bhallaí eile ann agus ní fhaca mise aoin duine in-a chomhnuidhe ionnta. Tá sean-bhallaí eile ann i n-áit a raibh scoil fadó agus b'innte a fuair cuid de na sean-daoinibh a gcuid foghluim. Tá lorg tighe eile ann i n-áit a raibh bráithre agus is cineál reilige anois é i n-a gcuirtear páistí óga.
    Bhí bean ar an mbaile seo fadó i dteach go bhfuil a shean-ballaí le feiceál ann fós agus bhíodh sí tinn gach ré lá agus maidin amháin a d'éirigh sí bhí uirthe dhul ar a leabaidh arís agus í i ngreim i laiste an dorais agus cuid dí istigh san leabaidh mar nár fhéad sí dhul níos fuide. Nuair a chailleadh í d'fhan sí annsin go dtainic duine eicínt a thóg í. Bhí saor ar an mbaile seo fadó agus rinne sé teach ann agus dubhairt sé go mbeadh ubh neide ann i gcomhnuidhe agus tá daoine in-a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Annraoi Ó Dubhagáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe