Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
- XML Leathanach 0247
- XML “Cluiche agus Caitheamh Aimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)beirtear ar an ngabhlóig agus cuirtear an dá ladhróg síos ar mhuineál an éin agus annsin árduigheann an buachaill an cliabhán agus beireann sé ar an éan agus tógann sé amach é. Cuireann siad gráinne coirce nó ruainne aráin isteach faoin gcliabhán leis na h-éanacha a mhealladh isteach ann.
Bíonn daoine ag marbhughadh coiníní agus girrfiaidhthe le súil-ribe.
Cuireann siad an tsúil-ribe ar aghaidh an phuill i n-a mbíonn na coiníní i n-a gcomhnuidhe agus nuair a thagas an coinín amach le rud le n-ithe d'fhágháil cuireann sé a cheann san súil-ribe agus teigheann sé ibhfastóidh inte agus ní fhéadann sé a thabhairt leis mar go mbíonn an tsúil-ribe ceangailte de mhaide a bhíos sáithe san talamh. Is ins na bóithrínibh a bhíos ag an ngirrfiadh.
Sé an t-am is fearr sa mbliadhain le breith ar choiníníbh ná Meadhon Foghmhair nó tosach an Gheimhridh.- Bailitheoir
- Annraoi Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Bailitheoir
- Micheál Mac Goill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe