Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)

Suíomh:
Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0032, Leathanach 0139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0139
  3. XML “Scéal fá Chiste”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí an-tóir aige ar airgead. Cheap sé dá bhfuigheadh sé sparán airgid in áit ar bith go mbeadh spraoi aige an fhad is a mhairfeadh sé. An oidhche seo chuaidh sé a chodladh agus bhí sé an-tuirseach de bharr obair an lae. Nuair a bhí sé tamall beag in a codhladh thoisigh sé ag brionglóid. Bhí sean-chaisleán in aice a thighe féin agus bhí go leor leacracha thart timcheall air. Cheap sé go raibh pota mór airgid faoi an leiceann seo. Nuair a chuaidh sé a chodladh an darna oidhche bhí an bríonglóid cheadna aige, agus bhí sé ag éirí an-mhisneamhail agus an treas oidhche chuaidh sé féin agus dear eile ar thóir an airgid. D'árduigh siad an leac agus chonnaic siad go rabhadar ceart, acht mo léan, bhí tarbh in aice na h-áite agus thoisigh sé ag búraightíl. Cheap na fir gurbh é an diabhal a bhí ag teacht aníos as an bpoll. Ritheadar go tapaidh agus níor bhac siad leis an leac ná leis an bpota uaidh sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Peadar Ó Fathaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Laighdeacán, Co. na Gaillimhe